Lyrics

Tá scéilín na 'gam le h-insint dóibhse Cúrsaí spóirt agus comhrá dí Úll breá gleoite do chuireas I mo phóca 'S ni bhfuaras romham ach prátín síl Ó mo thuirse mar shileann mo shúile Indiadh an úll ud a bhí bréa buí An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh 'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís Do shiúlais Cléire agus Carraig Aonair Cuanta Béara bhi romham sa tslí Puinte na nGréige 'gus na nDorsaí Maola An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi Ó mo thuirse mar shileann mo shúile Indiadh an úll ud a bhí bréa buí An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh 'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís Do shiúlais Cualach mar a bhíos buartha An pharoiste thuaidh a 's na hAdhraí San oileán Muarseadh d'inis dom buachaill Nach bhfáilghinn a thuairisc go dtéinn thar snaidhm Ó mo thuirse mar shileann mo shúile Indiadh an úll ud a bhí bréa buí An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh 'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís Do shiúilíos Coíbh agus Baile na Móna Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín Soir ar a chósta sea d'inis domh stróinse Go rabh sé 'na sheo acu ar Sráid Néidin Ó mo thuirse mar shileann mo shúile Indiadh an úll ud a bhí bréa buí An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh 'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís
Lyrics powered by www.musixmatch.com
Get up to 2 months free of Apple Music
instagramSharePathic_arrow_out