Listen to Amhrán Mhuighinse by Runa

Amhrán Mhuighinse

Runa

Traditional Celtic

Music Video

Amhrán Mhuighinse
Watch {trackName} music video by {artistName}

Featured In

Credits

PERFORMING ARTISTS
Runa
Runa
Performer
COMPOSITION & LYRICS
Máire Ní Chlochartaigh
Máire Ní Chlochartaigh
Songwriter

Lyrics

Dhá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar sléibhte i bhfad ó thír Gan aoinneach beo i mo ghaobhar ann ach raithneach ghlas is fraoch, An sneachta á shéideadh anuas orm, is an ghaoith dhá fhuadach díom, 'S mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, níorbh fhada liom an oíche. A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé, tá an geimhreadh seo 'tíocht fuar, A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann? Nach óg, a stór, a d'imigh tú, le linn na huaire breá, Le linn don chuach bheith ag seinm ceoil, gach duilliúr glas ag fás. Má bhíonn mo chlann sa mbaile a'am an oíche a bhfaighidh mé bás, Ó tórróidh siad go groíúil mé trí oíche is trí lá; Beidh píopaí deasa cailce a'am agus ceaigeannaí is iad lán, Beidh triúr ban óg ó shléibhte ann le mé a chaoineadh os cionn cláir. Is gearraí amach mo chónra dhom as fíorscoth geal na gclár, Má tá Seán Ó hEidhin i Muínis bíodh sé déanta ón a láimh; Bíodh mo chaipín is mo ribín inti istigh, iad go ridheas ar mo cheann, Tabharfadh Paidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bhéas an lá. Gabháil siar thar Inse Gaine dhom bíodh an bhratach insa gcrann, Ná cuir' i Leitir Caladh mé mar ní ann atá mo dhream; Ach tugaí siar go Muínis mé, 'n áit a gcaoinfear mé go hard, Beidh soilse ar na dúmhchannaí - ní bheidh uaigneas orm ann.
Lyrics powered by www.musixmatch.com
instagramSharePathic_arrow_out